Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Clannad > Clannad In Concert > Bhean A Ti

   
Clannad In Concert Bhean A Ti
   
Credits: n/a
   
Appears On: Clannad In Concert
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   
Other Versions: "A Bhean A' Tí" on Téada's album Téada
   

Lyrics: English Translation:
   
Ó éirigí suas a thogha na bhfear Rise up, ye stalwart men
Is cuirigí píce ar bharr gach cléith And put the pitch alight on your torch sticks
Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí Vanquish those who would do us evil
Agus cuirigí dlí na Fraince ar bun And establish the rule of France
   
Curfá: Chorus (after each verse):
Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort? And oh woman of the house, what ails you?
Ó bhean an tí, fá dhó nó trí Oh woman of the house, in two years or three
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach From this year out the land will be rent free
Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort? And oh woman of the house, what ails you?
   
Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht Here's a jug on the table and the beer's coming
Tá arm go leor ag an Duke of York And the Duke of York has sufficient arms
Tá an Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá The French and the Spaniards at the shore's edge
Agus b'fhearr liom go mór é ná cómhra ban And how bitter that is than woman's chatter
   
Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais ___
Ag ól mo cháirt dí mar dheanfad fear ___
Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín ___
Gan airigead síos bí gabháil amach ___
   
Ó tharraing mé aníos mo phíosa brac ___
Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach ___
Do labhair sí arís go carthannach caoin ___
Nach súifidh tú síos tá siamsa ar fad ort ___
   
Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag Alas and alack when I was young
In aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc Two years old and no evil thought in my mind
Nach ndeachaigh mé ar bord nó in arm an Rí That I didn't join the King's navy or army
Sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort Instead of spending my life looking after you
   
Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo May my back be broken under this weight
Ma thigim arís ag cur buartha ort If I ever come back to bring you sorrow
Is a mhéad bean óg as seo go hAbhainn Mhór And so many women from here to the Blackwater River
A shiúlfadh an ród is a d'ólfadh deoch That would go along the road with me and have a drink