Celtic Lyrics Corner > Compilations > Gaelic Ireland > An Binsín Luachra

   
Gaelic Ireland An Binsín Luachra
   
Credits: n/a
   
Appears On: Gaelic Ireland (compilation)
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   

Lyrics: English Translation:
   
Is ar an ngasra úd athá ceangailte And on the band that's near you
Go dlúth le d'thaobh Never leaving you close by your side
Mar sibh do dhearbhaigh i láthair Choisdealaigh ___
Ar an triúr fear séimh ___
Is a chuir na Connerys thar na farraigí And sent the Connerys across the raging seas
Go dtí sna New South Wales To New South Wales
   
Té a bheadh ina sheasamh ann He who was standing doing his thinking
Is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé Clear on our case being tried
Mar a sheasaigh sí ón seacht ar maidín From early seven morn until the day was done
Go dtí tar éis a naoi Truth was defied
Do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha The ground shook under us as lies came thunderous
Ann dá dtabhairt sa mbréag To decide our fate
Mo ghreidhin an t-anam bocht I fear the perjured soul is in the darkest hole
Nó tá sí damanta má's fíor don chléir So the holy clergy say
   
Tá jacéid dá dhéanamh ó mhaidin dúinn ___
Is triús dá réir ___
Culaithe farragí, ní nár thaithigheamar ___
I dtúis ár saoil ___
Muireach feabhas ár gcaradais bhí ár muiníl cnagtha ___
Is sinn go doimhin san aol ___
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheadh ___
I sna New South Wales ___
   
A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal Queen of Heaven and King of all worlds
Den trócaire orainn araon Might beg release for us all
Is ar an mbanaltra atá sa bhaile And for our sister young alone now in her home
Go dúch inár ndéidh With her child so small
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh When mass you're reading be you pleading
Is ag guí chun Dé That our courage won't fail
Leis na Connerys a thabhairt abhaile chughainn The Connerys to come safe in honor
Ó sna New South Wales Home from New South Wales
Bhíos-sa maidin Shamhraidh ag góilt síos trí Chontae an Chláir, Agus éanlaith coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag siúinseáil, Sea do casadh liomsa an ansacht ba bhreátha is ba dheise snua, 'Gus thugas searc is greann di, 'dtaobh 'amhrais 'sí bláth na n-úll. Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá, Is mo ghadhair le m'ais ag gluaiseacht go huasal is mo ghunna im' láimh, 'Sea do dhearcas chughamsa stuairín na gruaige finne 's an bhrollaigh bháin, Agus ábhar ' bhinse buainte aici den luachair ba ghlaise fás. 'S do dh'fhéachas ar na cuanta agus bhí ann uaigneas agam ar nóin, Is do dhruideas suas lem' stuairín agus fuaireas uaithi cúpla póg, Ach 'sé dúirt sí liom go huaibhreach 'Fan suanmhar is ná cuir orm stró, 'Gus ná scaip mo bhinse luachra t'r éis a bhfuaireas dá thrioblóid'. Is a chailín bhig na luachra, dá leagfása do bheart ar lár, Ar bhruach na coille craobhaí nó ag éisteacht le fuaim na trá, Mar na sagairt ní bhfaighidh scéal' air ná éinne eile dá bhfuil san áit, Nó go dtiocfaidh an chaint don chéirseach 's go n-iompóidh an lon dubh bán. Ó cailín deas ab fhearr liom a bheith ar láimh liom thar a bhfeacaíos riamh, 'Gus dá bpósfainn cailleach ghránna mo lánchreach ná mairfinn bliain, Ach phósfainn thusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na dtrioplaí siar, Is do bhainfinnse binse breá duit chomh hálainn is a chonaic tú ariamh. Is a chailín bhig na luachra glac suaimhneas agus fan go réidh, Mar ní cás duit a bheith chomh buartha in uaigneas is tú leat féin, Mar má scaip mé do chuid luachra nach dual go bhfuil mórchuid tar a éis, Agus bainfeadsa binse mór duit agus ualach mar thuilleadh léi. Is ba dheas an cailín seomra í um thráthnóna is a bruis 'na láimh, Is cár dheise ná crú na mbó í 'sí smóilín í an bhrollaigh bháin, Do tharraingeodh samplaí coróinneach go róbhreá ar éadach cláir, 'Sí searc mo chroí 's mo rún í 'sí mo stuairín í go bhfaighidh mé bás.