Celtic Lyrics Corner > Compilations > Gaelic Ireland > Na Connerys

   
Gaelic Ireland Na Connerys
   
Credits: n/a
   
Appears On: Gaelic Ireland (compilation)
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   

Lyrics: English Translation:
   
A Choimhín mhallaithe guímse deacair ort Oh Kevin, I'm cursing you and praying hurt on you
Agus gráin Mhic Dé And hate from on high
Is ar an ngasra úd athá ceangailte And on the band that's near you
Go dlúth le d'thaobh Never leaving you close by your side
Mar sibh do dhearbhaigh i láthair Choisdealaigh ___
Ar an triúr fear séimh ___
Is a chuir na Connerys thar na farraigí And sent the Connerys across the raging seas
Go dtí sna New South Wales To New South Wales
   
Té a bheadh ina sheasamh ann He who was standing doing his thinking
Is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé Clear on our case being tried
Mar a sheasaigh sí ón seacht ar maidín From early seven morn until the day was done
Go dtí tar éis a naoi Truth was defied
Do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha The ground shook under us as lies came thunderous
Ann dá dtabhairt sa mbréag To decide our fate
Mo ghreidhin an t-anam bocht I fear the perjured soul is in the darkest hole
Nó tá sí damanta má's fíor don chléir So the holy clergy say
   
Tá jacéid dá dhéanamh ó mhaidin dúinn ___
Is triús dá réir ___
Culaithe farragí, ní nár thaithigheamar ___
I dtúis ár saoil ___
Muireach feabhas ár gcaradais bhí ár muiníl cnagtha ___
Is sinn go doimhin san aol ___
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheadh ___
I sna New South Wales ___
   
A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal Queen of Heaven and King of all worlds
Den trócaire orainn araon Might beg release for us all
Is ar an mbanaltra atá sa bhaile And for our sister young alone now in her home
Go dúch inár ndéidh With her child so small
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh When mass you're reading be you pleading
Is ag guí chun Dé That our courage won't fail
Leis na Connerys a thabhairt abhaile chughainn The Connerys to come safe in honor
Ó sna New South Wales Home from New South Wales