Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Téada > Give Us A Penny And Let Us Be Gone > Thíos I dTeach An Tóraimh

   
Give Us A Penny And Let Us Be Gone Thíos I dTeach An Tóraimh
   
Credits: Traditional; arranged by Téada
   
Appears On: Give Us A Penny And Let Us Be Gone
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   
Other Versions: "Thíos I dTeach A' Tórraimh" on Mairéad Ní Mhaonaigh & Frankie Kennedy's album Ceol Aduaidh
   

Lyrics:

Thíos i deach an tórraimh fuair mé eolas ar mo chailín donn
Bhí a grua mar na rósaí is bhí a béilín mar a bheadh siúcra donn
Bhí mil ar bharra na gcraobh ann 'gus céirbheach ar bhun na gcrann
'S bhí iasc na finne ag léimnigh le plésiúr mar bhí sí liom

Bhí mé lá go ceolmhar, ar mo sheol agus mé i gceann a' tí
Ag síorghabháil don cheol is ag cur na mbréag in iúl do mhian mo chroí
Ní chreidfeadh sí mo ghlórthaí, nó gur shíl sí gur á mealladh a bhínn
Tá mé óg go leor i gcónaí is ní phósfaidh mé ach mian mo chroí

'S binn agus ceolmhar a labhras gach éan i dtom
Is deas gach uile shórt 'gus is ródheas mo chailín donn
Is aici fuair mé eolas ar mhórán is ar thuilleadh grinn
Is nár deas an rud sú na heorna, 'bheith le hól agus a teannadh liom

Bhí mé lá go ceolmhar, i ngleanntáin is mé ag seoladh bó
Thárlaidh orm an ógmhnaoi, is í cóirithe insan éidiú chóir
Bhí hata os cionn a clóca agus búclaí ina bróga thíos
Ó ba chosúil le mo stóirín í, an réalt eolais bhí ag gabhail romham sa tslí

Ar éirí dom Dé Céadaoin dar liom go raibh an mhaidin fuar
Bhreathnaigh mé uaim mo stóirín ar an lána is í i bhfad uaim
Dhruid mé le mo chéile mar 'ndúil is go rachadh muid chun suain
Ó, is a Dhia nár dheas an féirín an ógmhnaoi a d'imigh uaim

Mallachtaí na hAoine ar an té údaí a bhain díom mo stór
Nach ligfeadh ar na gaobhair mé lá saoire ná go moch Dé Luain
Dá mbeadh sé ag cur is ag déanamh díle is ag síochur den sneachta ó thuaidh
Ó, a Dhia dá bhfaighinnse síneadh léi bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan

Bhí mé lá bréa samhraidh is mé ag labhdaireacht go mór le mnaoi
Fá bhruach na coille cluanaí is gan rún agam filleadh choíche
Más den chinniúint cluanaí do lua liom is gan d'fháil mar mhnaoi
Seo beannacht na Rí go buan duit is bí ar cuairt agam gach áit a mbím

Ach ní dhéanfaidh mé cónaí in Éirinn go dté mé is tú chun an Oileáin Úir
Insan áit a bhfaighidh mo cheadsearc téada i m'fhidil úr
Órú bhuailfinn port le pléisiúr in éadan gach balla cuain
Ó is a Rí nár dheas an féirín í mo chéadsearc a mealladh uaim