Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Danú > Think Before You Think > An Páistín Fionn

   
Think Before You Think An Páistín Fionn
   
Credits: Traditional; arranged by Danú
   
Appears On: Think Before You Think
   
Language: Gaeilge (Irish Gaelic)
   

Lyrics:

Grá lem' anam mo pháistín fionn
A bhfuil a croí is a haigne ag gáire liom
A cíocha geala mar bláth na gcrann
Is a píob mar eala lá Márta

Chorus (after each verse):
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún
Is tusa mo rún is mo ghrá geal
Is tusa mo rún is mo chumann go buan
'Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín

Cara mo chroí, mo pháistín fionn
A bhfuil a dá grua ar lasadh mar bhláth na dtom
Tá mise saor ar mo pháistín fionn
Ach amháin gur d'ólas a sláinte

Dá mbéinnse sa bhaile ina bhfuil súgradh is greann
Nó idir dhá bhairille lán de leann
Mo stóirín i'm aice is mo lámh faoi'n a ceann
Nach súgach a d'ólfainn a sláinte

Chaith mé naoí n-oiche ag luí go bocht
Sínte faoí dhíleann idir dhá thor
A chumann mo chroí, is mé ag smaoineamh ort
Is ná faighinnse le fead ná le glaoch thu

Tréigfead mo mhuintir is mo cháirde gaoil
Tréigfead a mhaireann de mhnáibh an tsaoil
Ach ní thréigfead lem' mharthain thu, a stór mo chroí
Go síntear i gcómhra faoí chlár mé